Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

NUAIR A STÁITSÍODH céad léiriú ceoldráma nua faoin saol i dtithe altranais i nGaeltacht Mhúscraí ag tús an tSamhraidh, tháinig go leor daoine amach ag rá go raibh siad chun glaoch a chur ar a dtuismitheoirí a raibh, mar a tharlaíonn sé, ina gcónaitheoirí i dtithe altranais.

Sna seachtainí romhainn beidh An tÉalú le Cumann Léirithe Bhéal Átha’n Ghaorthaidh á stáitsiú sa Town Hall Theatre i nGaillimh agus an Opera House i gCorcaigh.

Le carachtair inchreidte, greann agus amhráin, agus go leor mothúcháin, éiríonn leis an saothar seo ó pheann Sheán Óg Ó Duinnín meabhrú cumhachtach a thabhairt don lucht féachana gan a ngaolta atá sna tithe altranais seo a ligint i ndearúd.

Fuair Ó Duinnín an spreagadh don saothar seo óna shaol féin.

“Thosnaíos ag scríobh mar gheall ar bhean neamhspleách spreagtha ag mo mháthair a cailleadh i mí na Márta 2025.

“Bhí sí sa bhaile, ag cónaí go neamhspleách, rud a bhí uaithí – bhí sí fós ag tiomáint, mar shampla.

“Is amhlaidh go raibh breoiteacht an-ghairid aici agus bhí sí diongbháilte i gcónaí nár mhaith léi dul isteach i dtigh altranais, nár mhaith léi bheith mar ualach ag éinne.”

Bhí roinnt comhráití aige le daoine agus cé go raibh síol aige don scéal, ní raibh struchtúr aige. “Ansin rith sé liom go raibh an scéal sin faoi thithe altranais agus daoine ag obair iontu – bhí scéal ar Prime Time Investigates agus dúras: sin mo scéal. Tá sí ag iarraidh briseadh amach as an dtigh altranais.

“Mothaíonn sí go bhfuil a neamhspleáchas uaithí, nach bhfuil aon ghá di bheith sa tigh altranais.”

Dúirt sé go raibh sé an-láidir dá thuairim go raibh drochíde ar siúl i roinnt thithe altranais nuair a thosnaigh sé ag scríobh. “Tharraingíos síar ar sin mar tá sin ródhubh agus bán agus níor theastaigh uaim a bheith ag caitheamh anuas ar thithe altranais – mar tá siad an-tábhachtach chomh maith,” dúirt sé.

“Rud eile, níl taithí agam ar thithe altranais agus theastaigh uaim é a dhéanamh sórt liath.”

Agus é ag déanamh taighde ar an ndráma, fuair sé amach go mbíonn seanóirí ag éalú ó thithe altranais ar chúiseanna éagsúla. Bíonn néaltrú ar roinnt acu, bíonn roinnt eile ag lorg neamhspleáchais nó bíonn siad uaigneach.

An toradh ar a shaothar ná ceoldráma le príomhcharachtar fíor-láidir, Síle, agus í ina cónaí i dtigh altranais darbh ainm Lios Álainn. Níl aon saol ró-olc ag Síle – tá go leor le déanamh, ióga i gcathaoireacha, cniotáil agus eile agus tá cairde aici. Fós ba mhaith léi a seansaol neamhspleách ar ais.

Déanann sí roinnt iarrachtaí éalú agus cothaíonn sin trioblóid d’fhoireann an tí altranais agus déanann siad gearán lena hiníon. “Tá amhrán aici a chanann sí, Tá Mo Shaol Lán, agus is é sin an scéal ag go leor daoine – tá siad ag obair, tá páistí acu, tá cúramaí orthu agus níl spás ina dtithe móra ná ina saol don tuismitheoir atá anois i dtigh altranais,” dúirt sé.

Tá go leor sa dráma seo a chuirfidh ag gáirí an lucht féachana – beidh siad ag canadh leis na seandaoine ag déanamh ióga i gcathaoireacha, beidh siad ag iarraidh go n-éireoidh leo héalú agus beidh trua éigean acu freisin do na daoine atá ag tabhairt aire dóibh sna tithe altranais. Beidh trua acu freisin, fiú, do na páistí fásta suas a chuir a dtuismitheoirí chun cónaithe sna háiteanna seo.

Creideann an scríbhneoir go gcuirfidh an dráma seo ceist ar an lucht féachana faoin slí gur cheart dúinn aire a thabhairt dár seanóirí. Bíodh is nach bhfuil sé ag cur i gcoinne tithe altranais iontu féin, cuireann sé an cheist an bhfuil bealaí ann chun go mbeadh saol neamhspleách ag seanóirí go fóill.

“Tá an rud ar a dtugann siad ‘sheltered living’ acu i Sasana agus i dtíortha eile ach níl sé anseo go fóill,” dúirt sé. I bpobail ina bhfuil an cineál seo loistín ar fáil, coiníonn na h-aitritheoiri neamhspleachas ach bíonn tacaíocht congarach freisin, cóir leighis is eile.

Tá ticéid ar fáil go fóill don léiriú sa Town Hall Theatra sa Ghaillimh ar 29 Lúnasa. Beidh an ceoldráma á léiriú ar ardán an Cork Opera House ar an Satharn, 26 Meán Fómhair.

Cé go léirítear an dráma as Gaeilge, tá córas os-theidealú ann a bheidh ina thacaíocht don lucht féachana. Tá liricí na n-amhrán le léamh as Gaeilge agus i mBéarla i gclár atá teacht air trí comharthaíocht QR.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.

To embed this post, copy the code below on your site