Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ CUIRÍ EISITHE ag Comhairle Cathrach Chorcaí go seoladh plean gníomhaíochta don Ghaeilge – ócáid atá á reachtáil ag deireadh na míosa seo.
Is é Ard-Mhéara na cathrach, an Comhairleoir Damien Boylan, a sheolfaidh an plean gníomhaíochta a shíneann ó 2026 go 2029 i Halla na Mílaoise ag Halla na Cathrach ar an Luan, 31 Lúnasa.
Cé nach bhfuil aon mionshonraí tugtha faoin bplean sa chuireadh atá feicthe ag The Journal, tagann an ócáid seo agus scamall amhrais faoin iarracht go mbeadh stadas ag Corcaigh mar chathair sheirbhíse Gaeltachta de réir mar atá leagtha síos i bpolasaí Rialtais.
Thuairiscigh The Journal níos túisce i mbliana go raibh leamhsháinn idir an eagras áitiúil, Gael-Taca, agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, maidir le plean a sheol Gael-Taca chuig Foras na Gaeilge agus an Roinn dhá bhliain ó shin.
De réir liosta a glacadh leis i 2014, tá cathair Chorcaí i measc 16 bhaile sheirbhíse Gaeltachta aitheanta sa tír. Is bailte iad seo atá láimh le pobail Gaeltachta agus tá sé i gceist go mbeadh seirbhísí Stáit agus poiblí as Gaeilge ar fáil sna bailte sin do phobal na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge trí chéile.
Tugtar deontas suas le €100,000 sa bhliain don eagras atá freagrach as an plean a chur i bhfeidhm i ngach baile sheirbhíse Gaeltachta chun an obair sin a chur chun cinn. Chomh maith le Corcaigh, tá bailte ar nós Trá Lí i gCiarraí, An Uaimh i gContae na Mí agus Dún Garbháin sna Déise luaite ar an liosta sin freisin.
Bíodh is gur chuir Gael-Taca plean le chéile le cúnamh ó chomhairleoir ghairmiúil agus trí dhul i gcomhairle le heagrais, scoileanna agus eile ar fud na cathrach, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le The Journal nár “cuireadh plean teanga de chaighdeán inghlactha le chéile i leith chathair Chorcaí.”
Chuir an ráiteas sin “mearbhall” ar chathaoirleach Ghael-Taca, Seán Ó Laoi, a dúirt ag an am gur cuireadh “caipéis cruinn chuimsitheach go dtí Foras na Gaeilge agus go dtí an Roinn dhá bhliain ó shin.”
Tá teannas idir an Roinn agus Gael-Taca le tamall. I mí na Márta 2024 thug an Roinn le fios i bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála Corcaíoch, Thomas Gould, go bhfuair siad iarratas nua ar mhaoiniú ó Ghael-Taca i Meán Fómhair 2023.
It is the Department’s view, however, that sufficiently robust structures are not in place to avoid governance issues re-occurring. In light of these circumstances, the Department is not in a position to provide grant funding to the organisation.
Thug Ó Laoi le fios do The Journal go raibh na ceisteanna faoi rialachas réitithe.
Ag an ócáid ar 31 Lúnasa, deirtear go mbeidh ionadaithe ó réimsí spóirt, oideachais agus gnó ag glacadh páirt i bplé painéil tar éis don cháipéis a bheith seolta.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site