Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

LE SEACHTAINÍ BEAGA anuas tá cuardach déanta ag compántas amharclainne ar fud na tíre agus iad ag lorg aisteoir ar leith chun ról a ghlacadh i ndráma nua, leagan uasdátaithe agus athlonnaithe de shaothar chlasaiceach George Bernard Shaw, Pygmalion.

Dúirt an léiritheoir, Bríd Ó Gallchóir, stiúrthóir Aisling Ghéar, an compántas amharclainne ó Bhéal Feirste, go raibh breis is dhá scór aisteoir óg tar éis freastal ar na héisteachtaí a reachtáladh ar fud na tíre, Gaillimh agus Baile Átha Cliath san áireamh.

Dar léi, is léiriú é seo atá tráthúil mar go lonraíonn sé solas ar theannas fad-bhunaithe i saol na Gaeilge timpeall na ceiste – cé leis nó leo an teanga? An bhfuil sé ceart go mbeadh na cainteoirí dúchais ón nGaeltacht chun tosaigh ar dhaoine óga atá ag sealbhú na Gaeilge agus ag troid ar a son, go háirithe sna ceantair uirbeacha ar nós Béal Feirste agus Baile Átha Cliath?

Uasdataithe go 2026 agus athlonnaithe go Béal Feirste na linne, is léamh éagsúil ar fad é seo ón gceoldrama iomráiteach My Fair Lady le Rex Harrison agus Audrey Hepburn sna príomhrólanna a spreag bunshaothar Shaw.

Agus is é an ról atá Ó Gallchóir ag iarraidh líonadh ná páirt Eilís – Eliza i My Fair Lady – don léiriú nua.

I Pygmalion, rinne Henry Higgins (Harrison) geall le hollamh eile go bhféadfadh sé foghraíocht cheart Bhéarla a mhúineadh do bhean óg, Eliza Doolittle (Hepburn), a chas sé léi ag díol bláthanna ar shráideanna Londain, agus go mbeadh sí chomh oilte go gcreidfeadh na daoine is galánta gur duine dá gcúlra féin ab ea í.

Sa leagan athshamhlaithe de Pygmalion atá á léiriú ag an gcompántas Feirsteach, tá beirt ollamh ag freastal ar ócáid i Halla na Cathrach i mBéal Feirste agus ina dhiaidh casann siad ar bheirt chailín sna déaga atá lasmuigh den halla agus iad ag iarraidh físeán TikTok a dhéanamh. Cloiseann Higgins iad ag labhairt i nGaeilge le chéile agus bíonn sé féin agus a chomh-ollamh tarcaisneach agus iad ag magadh faoin Ghaeilge Fheirsteach atá á labhairt acu.

Déanann sé geall go bhféadfadh sé oiliúint a chur uirthi i bhfoghraíocht na Gaeilge a d’fhágfadh daoine ag Oireachtas na Samhna, mórfhéile na Gaeilge, ag creidiúint gur gar-neacht í leis an scríbhneoir mór Conallach, Seosamh Mac Grianna.

Bhí léiritheoir Pygmalion an-tógtha leis an líon aisteoirí a tháinig chun tosaigh le bheith páirteach sna héisteachtaí. “Chuireamar suas é ar na meáin shóisialta agus pé duine a chláraigh fuair siad ríomhphost agus réimse amanna le roghnú don éisteacht – bhí píosa le léamh acu agus d’iarramar orthu amhrán a chanadh,” dúirt sí.

Mhínigh sí go raibh comhrá aici le gach aisteoir a rinne éisteacht agus gur chuaigh an próiseas go mór i bhfeidhm uirthi. “Bhí réimse tallainne ann ach bhí siad go léir ag iarraidh bheith páirteach agus bhí sé sin speisialta,” dúirt sí. “Táimid chun scríobh go dtí gach aisteoir a bhí páirteach sna héisteachtaí.”

Tosófar ar na cleachtaí leis an gcliar ar fad – naonúr san iomlán agus an aisteoir a bheidh i ról Eilís san áireamh – i mí Mheán Fómhair agus beidh an chéad léiriú in Amharclann an Everyman i gCorcaigh an mhí dar gcionn.

Tá an dráma seo ag éabhlú le tuairim is deich mbliana agus ba le Gearóid Ó Cairealláin, ar a raibh Ó Gallchóir pósta go dtí gur cailleadh é i 2024, an bunchoncheap, agus bhí seisean tosaithe ar an scéal agus an dialóg a scríobh.

Fuair Aisling Ghéar dámhachtain amharclannaiochta arbh fhiú isteach is amach le €400,000 anuraidh chun an dráma seo a fhorbairt, a léiriú agus a thabhairt ar chamchuairt ar fud na tíre. Tháinig An Chomhairle Ealaíon agus a comhionann ó thuaidh le chéile chun an dámhachtain seo – ceann de na liúntais ba mhó riamh le haghaidh léiriú amharclainne Gaeilge – a mhaoiniú.

Agus mar gheall ar an dámhachtain sin, bhí an maoiniú ag Ó Gallchóir coimisiúnú a dhéanamh ar scríbhneoir Feirsteach eile, Nuala Ní Néill, chun an saothar a thosaigh an Caireallánach a chríochnú.

An oiread is gur chuir Pygmalion ceisteanna faoi aicmeachas sa Bhreatain – aicmeachas ina raibh an tslí ar labhair daoine ag insint don saol cén aicme lenar bhain siad – tá an leagan nua den dráma seo agus é suite i mBéal Feirste ag cur ceisteanna faoi na dearcthaí éagsúla atá ann maidir leis an nGaeilge sa 21ú haois.

“Pléann an dráma leis an gcodarsnacht seo ar bhealach atá spraíúil – is dráma grinn é Pygmalion, is aoir é ar bhealach,” a dúirt sí.

“Táimid ag cur na gceisteanna sin, ag labhairt faoin nGaeltacht agus faoin nGalltacht agus an Ghaeltacht uirbeach.”

Ní seo an chéad saothar amharclainne atá léirithe ag Ó Gallchóir le hAisling Ghéar ina bhfuil plé ann faoin nGaeltacht uirbeach. Anuraidh léirigh sí dráma in Amharclann Smock Alley, Minimal Human Contact, saothar a scríobh mac Ghearóid, Naoise Ó Cairealláin (Moglaí Bap ó Kneecap).

Bhain an scéal sin le handúil cearrbhachais agus oíche a chaith sé i gcasaíne ag cur airgid a ghoid sé óna mháthair isteach i meaisín roulette.

Dar le Ó Gallchóir, is é croí an scéil sa chás seo ná cailín óg ag aimsiú a guth don saol atá roimpi.

Beidh an chéad léiriú de Pygmalion ar an ardán in Amharclann an Everyman i gCorcaigh ar 19 Deireadh Fómhair agus beidh sé á léiriú freisin i mBaile Átha Cliath, Gaillimh agus Béal Feirste.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

To embed this post, copy the code below on your site