Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
CEAPTAR ANOIS GO bhféadfadh go mbeadh fómhar suas go £100m (€117m) le baint ag lucht gnó i mBéal Feirste as an bhFleadh Cheoil atá ar siúl ann an tseachtain seo agus sluaite i bhfad níos mó ná mar a ceapadh ag freastal ar imeachtaí sa chathair cois cuain.
B’é an tuar a raibh ann sula gcuireadh tús leis an bhFleadh Dé Domhnaigh ná go mbeadh 800,000 cuairteoir ar an gcathair le linn na Fleidhe agus b’shin an bunús leis an tuar go mbeadh teacht isteach de thuairim is £53m (€60m).
Bhí breis agus 170,000 ag freastal ar an oscailt oifigiúil, dhá oiread an líon a tháinig go lá oscailte na Fleidhe i Loch Garman anuraidh. Faoin Máirt, bhí 350,000 tar éis teacht go Béal Feirste, rud a chuireann leis an dóchas go mbeidh slua i bhfad níos mó ná mar a bhí á thuar ag dul ó thuaidh don mhórfhéile cheoil traidisiúnta.
Dar le Donal O’Connor, bunaitheoir agus príomheagraí Féile Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste (Belfast Tradfest), a chríochnaigh agus tús á chur leis an bhFleadh, go bhféadfaí bheith ag súil le 1.2m cuairteoir ar an gcathair le linn na n-ocht lá agus go dtuartar go bhféadfadh sin tuairim is £100m a ghiniúint d’earnáil ghnó na cathrach.
Tá muinín den sórt céanna ag na húdaráis cé nach bhfuil siad ag cur figiúir ar an ioncam a ghinfidh an fhéile go fóill. Tá Caoimhe Archibald, Aire Gheilleagair Thuaisceart Éireann, den tuairim go bhfuil comharthaí dearfacha ann go mbeidh teacht isteach níos mó ná an £53m ón bhféile.
Ag labhairt ar BBC Thuaisceart Éireann, dúirt Archibald gur cheap sí go raibh níos mó daoine ná mar a raibh súil leo ag teacht chun taitneamh as an bhFleadh agus táimid ag ceapadh go mbeidh sé níos mó ná sin.
“Níl uimhir á lua againn leis go fóill – tiocfaidh sé sin ar fad sa mheasúnú tar éis na n-imeachtaí.”
An fáth go bhfuil tábhacht leis an teacht isteach tráchtála ón bhféile seo ná go léiríonn sé codarsnacht ‘scanrúil’, dar le O’Connor, idir an teacht isteach tráchtála agus an tacaíocht a fhaigheann ceol traidisiúnta agus na healaíona i gcoitinne ón Stát ó thuaidh, seachas an méid a fhaigheann mórócáidí ar nós an Fleadh Cheoil agus a leithéidí de Chomórtas Oscailte Gailf na Breataine ó na húdaráis chéanna.
“Anuraidh fuair Belfast Tradfest £20,000 (€23.3k) ón gComhairle Cathrach agus meastar gur ghin sé sin £5.1m (€5.95m) don gcathair,” dúirt sé.
Tá an Chomhairle Cathrach tar éis idir £5m agus £6m a infheistiú san bhFleadh agus beidh teacht isteach as sin idir £50m agus £100m — tá an chomhréir idir infheistíocht agus an brabús eacnamaíoch níos fearr ag an Tradfest.
Dar le go leor ó thuaidh, b’é an rath ar an Tradfest a chruthaigh an cosán don bhFleadh Cheoil teacht go Béal Feirste, nó ní raibh sí ó thuaidh ach uair amháin roimhe sin, i nDoire i 2013, agus tá O’Connor ag súil go mbeidh díbhinn bhuan ann don gceol traidisiúnta sa chathair mar gheall ar an bhFleadh Cheoil a bheith ann i mbliana agus, arís, an bhliain seo chugainn.
“Tá sé léirithe ag Béal Feirste go bhfuil dúil ollmhór ann do cheol traidisiúnta, amhráin, damhsa agus cultúr — léiríonn an oidhreacht agus an móiminteam an méid ar féidir le Béal Feirste a bhaint amach nuair a thagann ár gcathair, ár n-eagraíochtaí cultúrtha, ár bhforais phoiblí, gníomhaireachtaí turasóireachta agus pobail le chéile agus iad ag obair le huaillmhian.”
Creideann sé go bhféadfadh féile cheoil thraidisiúnta — ceann de na féilte dá leithéid is mó ar domhan — a bheith mar oidhreacht ar an bhFleadh i mBéal Feirste.
Faoi láthair, áfach, tá earnáil na healaíona, an dream ar a mbraitheann na húdaráis chun na dea-íomhánna mar aon leis an díbhinn eacnamaíoch a chruthú, ar an ngannchuid.
Mar a deir O’Connor: “Faigheann Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann beagán sa bhreis ar £10m (€11.66m) — faigheann Amharclann na Mainistreach ó dheas, eagras amháin, timpeall €9.5m — tá an chodarsnacht scanrúil.”
Is measa ná sin an scéal faoi láthair mar nach bhfuil buiséad aontaithe ag an bhFeidhmeannas ó thuaidh — níl ach sciar 25% den deontas bliantúil faighte ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, £2.53m (€2.95m) ón Roinn Pobail. Fiú amháin dá bhfaigheadh an Chomhairle an deontas iomlán, is ciorrú é mar ní chuireann sé boilsciú san áireamh.
“B’fhearr go mbeadh na hAirí san Fheidhmeannas ag suí timpeall an bhoird agus ag aontú an Bhuiséid seachas bheith ag rith timpeall na Fleidhe ag lorg ‘photo opportunities’,” dúirt sé.
Is mó ná ceist airgid, áfach, an Fleadh Cheoil sa mhéid is go bhfuil aontas ar leith cruthaithe ar shráideanna na cathrach ag na seisiúin is na ceoltóirí agus a lucht leanta. Tá ceoltóirí traidisiúnta le feiscint ar an ardán céanna le bandaí dílseacha, tá an bodhrán á sheinnt in éineacht leis an druma Lann Bheag.
Agus é ag freastal ar an bhFleadh an tseachtain seo, dúirt an Taoiseach, Mícheál Martin, gur sampla iontach a bhí ann de cheiliúradh tras-phobail cheoil agus dúirt sé go raibh sé ag súil le freastal ar imeachtaí ar nós Fóram na mBandaí agus Ceol na Cruinne, imeacht a cheiliúrann an diaspóra.
Thagair sé don tacaíocht a bhí á tabhairt ag an Beartas Oileán Roinnte do thograí tras-phobail uile-oileánacha ar nós cartlann ceoil uile-Éireann.
“Tá an saibhreas a thugtar chun solais trí bheith ag obair as lámha a chéile mar sin go hiontach,” dúirt sé. “Dúirt ceoltóir dílseach amháin liom anuraidh go ndéanfaidh pobail a gceol a scagadh de réir a dtraidisiúin ach táimid go léir ag tarraingt ón tobar amháin.”
dtraidisiúin ach táimíd go léir ag tarraingt ón dtobar amháin.
Bronnadh mórghadam na Fleidhe ar an gceoltóir traidisiúnta, Gary Hastings, ministéir in Eaglais na hÉireann ó oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas ach atá anois ag cur faoi i nDeilginis. Ainmníodh é mar Ard-Ollamh Fhleadh Cheoil na hÉireann ag ócáid sa chathair i lár na seachtaine.
Ag labhairt le The Journal, dúirt an ceoltóir go raibh sé an-tógtha leis an bhFleadh i mBéal Feirste. “Tá an chathair pacáilte, tá sé ag brúchtaíl le daoine i ngach áit agus táthar ag saothrú airgid — tá neart airgid ansin,” dúirt sé.
“An rud is cliste a rinne siad sular thosaigh seo ná gur chuaigh siad chun cainte leis na hAontachtóirí agus le gach duine sa dóigh is go raibh gach duine istigh ar an scéim seo.
“Tá ardán taobh amuigh de Halla na Cathrach agus tá drumaí Lambeg agus bandaí píbe, fidléirí agus seinnteoirí fífe agus gach cineál ceoil ag gabháil measctha tríd a chéile.”
Dúirt sé go raibh sé deacair a thomhas cén tionchar a bheadh ag an bhFleadh ar Aontachtóirí nuair a bheadh an ceiliúradh thart.
Chreid na hAontachtóirí gur rud Caitliceach, Náisiúnach atá sa cheol traidisiúnta — rud nach bhfuil amhlaidh — agus anois feicfidh siad nach bhfuil ann ach ceol deas agus cead ag gach duine páirt a ghlacadh sa cheol sin agus ceol a gcúlra agus a bheith ag éisteacht linn.
“Le cuidiú Dé, sin an oidhreacht a bheas ann.”
Dúirt sé freisin go raibh tábhacht leis go mbeadh daoine ón deisceart, nár thug cuairt riamh ar Bhéal Feirste roimhe seo, ag dul ó thuaidh don bhFleadh.
Fán am seo agus an chathair lán go béal, is ar éigean go bhfuil leaba fágtha le lóistín na hoíche a fháil idir seo agus deireadh na Fleidhe, oíche Dé Domhnaigh.
Agus í ag ullmhú do chraoladh bheo na h-oíche anocht, dúirt láithreoir Fleadh26 ar TG4, Doireann Ní Ghlacáin le The Journal go raibh spiorad ar leith le braistint le linn na Fleidhe i mBéal Feirste.
“Táim tar eis ag ana chuid Fleadhanna Cheoil, mar laithreoir le TG4 agus gan dabht, roimis sin mé féin ar mhaithe leis an spórt, agus gan dabht an fhírinne ná ní rabhas riamh ag Fleadh go raibh an spioraid chomh iontach sin agus chomh dearfach le brath agus tú ag siúl amach ar na sráideanna.
“Tá spioraid iontach agus tá sé á rá ag gach éinne, tá ana iarracht déanta ag daoine, tá ana réimse d’ócáidí agus rudaí cultúrtha ag tarlú, tá go leor, leor seisiúin thuas agus thíos an bhaile, rudaí cosúil le raveanna, taispeántais ealaíne, gigeanna difriúla, tá sé dochreidte agus thabharfadh sé ana mhisneach duit.”
Beidh Fleadh26 á chraoladh beo ar TG4 anocht, oíche amárach agus oíche Dé Domhnaigh óna 9.30in ar aghaidh. Is ann a bhfaighidh tú fíor bhlaiseadh ar an bhféile ceoil is mó sa tír murar féidir leat bheith i láthair tú féin.
Cuireadh tús spleodrach leis an gcraoladh oíche Déardaoin agus bandaí ar nós The Hot House Flowers agus Tim Edey ag seinnt i measc go leor sár cheoltóirí eile.
Agus an focal deiridh — cuir do lóistín le haghaidh Fleadh 2027 agus Féile Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste 2027 (Belfast Tradfest) in áirithe anois!
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site